Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 244
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí na lúdaog ag tóruigheacht ár dtighearna tháinig tháinig siad thart lá amháin agus bhí fear ag baint fataí . Bhí ár dtíghearna taréis a dhul thart an lá a raibh an fear ag cur na bhfataí . D'feafruigh na lúdaig gan feara bhfaca sé a leitheadh do fear ag dul thart dubhairt an fear go bhfaca sé ag dul thart a leithead an lá a raibh sé ag cur na bfataí. Cas na lúdaigh ar ais arís "Tháinig cioróg rompa ar an mbóthar indhé, indhé" a deir an ciaróg. "Tháinig priompeallán, thug tú t-éach a deir sé níor tháinig a leithead tart". Cas na lúdaigh thart ar tóir ár dtigearna. Ba é an lá roimhe sin a bí an fear an fear ag cur na bfataí agus bhí Íosa ag cainnt leis an fear agus d'oibrigh sé míorbhte ar na fataí. Ní raibh fios ag na lúdaigh nach ráidhthe roimhe sin a cur an fear na fataí. Dubhairt an chiaróg arís indhé, indhé thug tú n-éadhach a deir an priompeallán. D'imthigh na lúdaigh agus rugadh air Íosa agus céasadar é. Gach duine dá bfeiceadh an ciaróg marbhócaidh sé í, mar tá gráin ag gach duine uirrí.
- Bailitheoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe